Access Keys:

 
 
Gaelscoil Bharra Ascal an Fhasaigh, Dublin

Ráiteas Polasaí COVID -19

24th Aug 2020

AGUISÍN 1                                        Ráiteas Polasaí COVID -19

Geallann Gaelscoil Bharra láthair oibre sábháilte agus sláintiúil a chur ar fáil dár bhfoireann go léir agus timpeallacht foghlama shábháilte dár scoláirí go léir. Chun é seo chinntiú Tá an Plean Freagartha COVID-19 seo a leanas forbartha againn.  Tá an Bord Bainistíochta/BOO agus foireann uile na scoile freagrach as an bplean seo a chur i bhfeidhm agus cabhróidh comhiarracht chun scaipeadh an víris a choimeád faoi smacht. Déanfaimid na rudaí seo a leanas:

  • leanúint ar aghaidh ag déanamh monatóireachta ar ár bhfreagra ar COVID-19 agus an plean seo a leasú i gcomhairle lenár bhfoireann
  • eolas cothrom le dáta a chur ar fáil dár bhfoireann agus dár scoláirí ar an gcomhairle Sláinte Poiblí a d'eisigh FSS agus Gov.ie
  • faisnéis a thaispeáint faoi chomharthaí agus airíonna COVID-19 agus faoi theicnící cearta níochán lámh
  • ionadaí oibrithe is féidir a aithint go héasca a chomhaontú leis an bhfoireann chun an ról atá leagtha amach sa phlean seo a chur i gcrích i ndáil le soláthar samhraidh
  • gach ball foirne agus scoláirí a chur ar an eolas faoi bhéasaíocht riachtanach maidir le sláinteachas agus riospráide agus faoi riachtanais maidir le scaradh fisiciúil
  • an scoil a chur in oiriúint do scaradh fisiciúil de réir mar is cuí de réir threoir sláinte poiblí agus treoir na Roinne Oideachais
  • loga teagmhála a choinneáil chun cabhrú le rianú teagmhála
  • a chinntiú go nglacfaidh an fhoireann agus na scoláirí páirt san ionduchtúchán / seisiún faisnéise a chuireann an Roinn Oideachais ar fáil
  • nósanna imeachta comhaontaithe a chur chun feidhme i gcás duine a léiríonn comharthaí COVID-19 agus iad ar scoil
  • treoracha a chur ar fáil don bhfoireann agus do scoláirí a gcloífear leo má thagann comharthaí agus airíonna COVID-19 orthu le linn am scoile
  • glanadh a chur i bhfeidhm i gcomhréir le comhairle na Roinne Oideachais

Rachfar i gcomhairle le foireann uile na scoile ar bhonn leanúnach agus spreagtar aiseolas maidir le haon imní, saincheisteanna nó moltaí.

Is féidir é seo a dhéanamh trí Ionadaí/Ionadaithe na nOibrithe a dtacófar leis/léi de réir an chomhaontaithe idir an Roinn agus comhpháirtithe oideachais.

Síniú: S. Ó Donaile                              Dáta:20//8/20